By March 15, 2016 Read More →

An Leon, An Bandraoi agus An Prios Éadaigh

An Leon an Bandraoi agus an Prios Eadai 200pTá cóipeanna de An Leon, An Bandraoi agus Prios Éadaigh le C.S. Lewis ar fáil againn anseo i Charlie Byrne’s anois! Aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn ar shaothar cáiliúil C.S. Lewis.

Cuirtear ceathrar páistí amach as Londain le linn an Dara Cogadh Domhanda chun éalú ó na buamaí atá ag titim ar an chathair. Cuirtear go teach seanduine iad i lár na tuaithe. Nuair a osclaíonn Lucy, an duine is óige acu, an prios éadaigh, tagann na páistí ar dhomhan iontach a bhfuil draíocht agus eachtraí i ndán dóibh ann.

Ba é seo an chéad leabhar a scríobh Lewis sa tsraith mar gheall ar Nairnia, an domhan sin lán draíochta.

Tá costas €8.50 ar an leabhair seo, níl ach líon teoranta cóipeanna den leabhar ar fáil – déan cinnte buail isteach sa siopa chun lámh a chur ar do chóip féin go luath nó chur glaoch orainn chun cóip a chur in áirithe duit féin!

Comments are closed.