By April 9, 2014 Read More →

Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain

Cre Na CilleIs é Cré na Cille an saothar is mó cáil, seans, sa Nua-Ghaeilge. Cé gur bhuaigh sé duais Oireachtais sa bhliain 1947, dhiúltaigh An Gúm glacadh leis mura mbainfí míreanna áirithe as. D’fhoilsigh Sáirséal agus Dill é ar an 10 Márta 1950.

In Traidisiún Liteartha na nGael (1979) deir J. E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa: ‘Níl aon amhras ná gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir is tábhachtaí dár shaothraigh prós na Nua-Ghaeilge le breis agus daichead bliain anuas.’

Agus deir Alan Titley in An tÚrsceal Gaeilge (1991): ‘Úrscéal gan síol gan sliocht is ea Cré na Cille mar is é an focal deireanach é mar gheall ar chomhthionól cúng na tuaithe agus flosc deireanach chaint na ndaoine sa chiall a thuigtí leis sin ó thús na hathbheochana i leith.’ Tá na carachtair san úrscéal seo ar shlí na fírinne ach ní fhéadfá a rá gur marbh atá siad. Ní rabhadar riamh chomh beo is chomh mioscaiseach is atá siad anois.

Tá costas €20 ar Cré na Cille.

So well known did he become for this pioneering novel that people would point to Máirtín Ó Cadhain and say, ‘There goes Cré na Cille!’

Ó Cadhain (1906 -1970), from a family of talented story-tellers, broke the mould with this earthy novel which much later would be made into a successful film. Unusually, the novel is set in a graveyard and the squabbling characters are all dead.

Their language, however, is far from dead. Ó Cadhain’s novel displays linguistic pyrotechnics which may never be surpassed, and both the stage version and radio adaptation thrilled their respective audiences like nothing else before or since. Cré na Cille costs €20 and we’re happy to ship it anywhere in the world.

Comments are closed.