By June 18, 2015 Read More →

Diabhlaíocht Dé le Micheál O Conghaile

20150613_124115

Diabhlaíocht Dé

Tá cóipeanna de Diabhlaíocht Dé le Micheál Ó Conghaile ar fáil againn anseo i Charlie Byrne’s anois!

“Sular Chrruthaigh Dia an chéad domhan ní raibh an domhan seo ná aon domhan eile ann…”  Ach ní hé an domhan seo é, nó más é, go bhfóire Dia eicínt eile orainn. Scéalta buile, scéalta mire iad seo ina n-imríonn Dia cleasanna den uile chineál ar chine daonna nach bhfuil ach díreach tagtha ar an saol. Ach más le teann oilc nó mailíse nó spite eicínt é, is iad an cine daonna a bhíonn thíos leis. Scéalta ias seo a bhfuil blas an Bhíobla ar chuid acu agus a bhfuil aithne againn ar chuid de na carachtair cheana féin, leithéidí Lazarus aguas Iúdás Iscariot. Carachtair eile shílfeá gur ón mbéaloideas nó ón miotaseolaíocht nó ón Domhan Thoir féin a tháinig siad: ainmhithe a bhfuil bua na cainte acu agus daoine a bhfuil ainmhithe mar thuismitheoir nó mar chéile acu. Sa chnuasach seo tá an meascán den draíocht agus den réaltacht is dual don Chonghaileach go rabach tríd síos. Scéalta iad seo a mbainfaidh ilchredmhigh, ainchreidmhigh agus neamhchreidmhigh araon tairbhe agus sásamh astu.

Tá costas €12 ar Diabhlaíocht Dé. Tá cóipeanna den leabhar sínithe ag an údar ar fáil anois ar feadh tréimhse theoranta. Buail isteach sa siopa nó cur glaoch orainn chun cóip a chur in áirithe duit féin!

Comments are closed.