By May 14, 2015 Read More →

Harry Potter agus an Órchloch le JK Rowling

20150508_102621

Harry Potter agus an Órchloch

D’aistrigh le Máire Nic Mhaoláin, tá cóipeanna de Harry Potter agus an Órchloch ar fáil againn anseo i Charlie Byrne’s anois!

Nuair a thiontaigh sé an clúdach thart, agus a lámh ar crith, chonaic Harry séala céarach corcra agus armas air: Leon, iolar, broc agus nathair thart ar mhórlitir ‘H’…

Níl ainm Hogwarts, go fiú cluinte ag Harry Potter nuair a thosaíonn na litreacha ag teacht isteach doras uimhir a ceathair, Privet Drive. An seoladh scríofa i nDúch glasuainear phár buí agus séala corcra orthu. Ach sciobann a aintín agus a uncail gránna leo iad ar an bpointe. Ansin, ar lá breithe Harry, agus é a haon déag, buaileann arracht d’fhear dúshúileach  darb ainm Rubeus Hagrid isteach le scéal a chuireann an dubhiontas orthu: is draíodóir é Harry Potter, agus tá áit le fáil aige i scoil chomhoideachais draíodóireachta Hogwarts. Tá eachtra dhochreidte ar tí tosú!

Tá costas €21 ar an leabhair seo, níl ach líon teoranta cóipeanna den leabhar ar fáil – déan cinnte buail isteach sa siopa chun lámh a chur ar do chóip féin go luath nó chur glaoch orainn chun cóip a chur in áirithe duit féin!

Comments are closed.