By November 22, 2014 Read More →

Rogha Scéalta le Pádraic Ó Conaire

Rogha Scéalta le Padraic O ConaireSeo cnuasach nua gearrscéalta ó pheann Phádraic Uí Chonaire, ceannródaí na gearrscéaltaíochta sa Nua-Ghaeilge. Gheofar anseo meascán éagsúil scéalta ó thaobh téamaí, stile agus ábhair de: greann agus gruaim; grá agus grain; gol agus gáire. Cuid de na scéalta sa leabhar seo tásiad as cló le blianta fada, cuid eile acu a mbeidh seaneolas ag léitheoirí orthu. Dóibh siúd a bhfuil cur amach acu ar shaothar Shean-Phadraic cheana féin, seo deis aithne a chur an athuair air;dóibh siúd nár chuir aon aithne go fóill air, ní bheidh aon aiféala orthu go ndearna. Arna roghnú ag Diarmuid de Faoite, an té is mó a chuir ainm Shean Phádraic i mbéal an phobail le blianta beaga anuas.

Tá costas €18 ar Rogha Scéalta.

Comments are closed.