By April 22, 2015 Read More →

Sáirséal agus Dill 1947-1981 Scéal Foilsitheora

20150422_093842

Sáirséal agus Dill 1947-1981 Scéal Foilsitheora

Céard a tharla nuair a tugadh leabhar le hEarnán de Blaghd mar bhronntanas do Mháirtín Ó Cadhain? Nuair a chuaigh Breandán Ó Beacháin go hÁrainn chun a chuid Gaeilge a fheabhsú? Nuair a tairgeadh beathaisnéis Sheáin Sabhat do roghnóirí an Chlub Leabhar?

Nuair a bhunaigh Seán agus Bríghid Ó hÉigeartaigh a gcomhlacht foilsithe, Sáirséal agus Dill, bhí fúthu ardchaighdeán a bhaint amach ididr ábhar agus dearadh na leabhar, iad a dhíol go héifeachtach, agus gan aon chinsireacht a chleachtadh. Laistigh de bheagán blianta bhí liosta údar acu ba dheacair a sháru: Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi, Liam Ó Flaithearta agus mórán eile.

Ní gan dua agus costas a cuireadh sin i gcrích. Ba ghearr gur ídíodh bunchaipitil an chomhlachta, agus ba mhinic i mbaol a theipthe é – go háirithe nuair a cailleadh Seán Ó hÉigeartaigh go tobann, in aois a chaoga bliain, agus é ag obair ar phrofaígo déanach san oíche.

Caitheann an leabhar seo géarsholas ar scríbhneoirí agus ar litríocht na Gaeilge, ar chúrsaí tráchtála agus tionsclaíochta, ar ghnéithe den státseirbhís, ar pholiatíocht na Gaeilge, agus ar pholaitíocht na hÉireann.

20150422_130219

An t-údar Cian Ó hÉigeartaigh anseo le Charlie ag síniú a leabhar

Tá costas €25 ar Sáirséal agus Dill 1947-1981 Scéal Foilsitheora. Tá cóipeanna den leabhar sínithe ag an údar ar fáil anois ar feadh tréimhse theoranta. Buail isteach sa siopa nó cur glaoch orainn chun cóip a chur in áirithe duit féin!

Comments are closed.