By April 30, 2019 Read More →

Tairngreacht – Proinsias Mac a’Bhaird

Tá cóipeanna de “Tairngreacht” le Proinsias Mac a’Bhaird ar fáil againn anseo i Charlie Byrne’s anois!

1

An leabhar

Cuirtear saol Chonchúir Uí Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Gan mhoill tá a bheatha féin i mbaol. Is léir áfach, nach Conchúr amháin atá i gcontúirt agus go bhfuil comhcheilg ar siúl a bhainfeadh an bonn de chumhacht an Phápa agus a chuirfeadh deireadh leis an Eaglais.

Má tá Conchúr le teacht slán, caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar sheict dhorcha a bhfuil a fréamhacha aici sa luathChríostaíocht féin, ach arís eile, an í seo an fíornamhaid? Mura n-éiríonn leis an mhistéir a réiteach in am, tiocfaidh an tuar faoi thairngreacht uafásach a rinneadh míle go leith bliain ó shin, tairngreacht a d’athródh an saol go deo.

An t-údar

Proinsias Mac a’ Bhaird is from Árainn Mhór in Donegal and currently works as a school teacher in Letterkenny. He has published folklore, prose, poetry and books for children. His latest works are Rún an Bhonnáin (a novel) and Faigh Greim ar an Ghrian(poetry). He was awarded first prize in the O’Neill Poetry Competition in 2010.

Posted in: Leabhair Ghaeilge

Comments are closed.