By May 10, 2016 Read More →

Úrscealta Grafacha

20160510_170935Tá cóipeanna Úrscealta Grafacha ar fáil againn anseo i Charlie Byrne’s anois. Mar shampla, Deirdre agus Mic Uisnigh, An Teachtaire agus An Béal Bocht.

20160510_170958

Deirdre agus Mic Uisnigh le Colmán Ó Raghallaigh, Barry Reynolds agus Audrey O’Brien

“Slad agus Sléacht a bbeas in Uladh de bharr an linbh seo… éad gan chuimse de bharr a báilleachta… oidhe ar chlann uasal de bharr a buaibreachta… agus creach ar Eamhain Mhacha féin… mí-ádh thú ar gach a fhéachann ort anois!”

Leis na focail sin a thuar Cathfach, an draoi, an tragóid a leanfadh Deirdre ó lá a breithe, tragóid a thug dúinn ceann de mhórscéalta na Gaeilge, é inste go cumasach anseo dúinn ag Colmán Ó Raghallaigh. Maisithe ag Barry Reynolds agus Audrey O’Brien.

 

20160510_171008An Teachtaire le Colmán Ó Raghallaigh agus Tomm Moore

“Feicim contúirt mhór thar saile chugainn… fillfidh an sclábhaí.”

Sin an tuar a dhéanann Lochrú, an draoi, don Ardrí agus lucht a chúirte. Ach má fhilleann, an mbeidh fórsaí an áibhirseaora in ann a mhísean a chur ó mhaith? Nó an dtig leis dul i ngleic leis na draoithe agus an seanréimeas a chloí? An dara cuid de scéal eipiciúil Phádraic, é lán d’aicsin agus teannais.

20160510_170949

 

An Béal Bocht le Myless Na gCopaleen agus John McCloskey

Ón lá a foilsíodh i dtosach é sa bhliain 1941 tá cáil ar An Béal Bocht mar chlasiac i saol liteartha na hÉireann. Tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag an údar as a shaothar i mBéarla ach níl aon dabht ann ná go bhfuil An Béal Bocht ar cheann d’éachtaí liteartha Bhriain Uí Nualláin. Tá blas comhaimseartha fós ar an aoir aoibhinn ghreannmhar seo agus beocht úrnua anois ann sa leagann ealaíonta grafacha seo ó chló Mhaigh Eo.

Tá costas €9-12 ar an leabhair seo, níl ach líon teoranta cóipeanna den leabhar ar fáil – déan cinnte buail isteach sa siopa chun lámh a chur ar do chóip féin go luath nó chur glaoch orainn chun cóip a chur in áirithe duit féin!

Comments are closed.